Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
Episodes
100
30 July 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Una Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá a bhí ag plé scéalta móra an lae.
16 min
30 July 2026
Tús Áite: 30 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); An Dr. Gearóidín McEvoy (Taighdeoir ar chúrsaí comhionannais i bPorovo san Fhionlainn); Áine Ní Ghlinn; Jack Basquille
43 min
30 July 2026
Tús Áite: Mír na Leabhar
Bhí Áine Ní Ghlinn linn ag plé Nano agus na Mothúcháin, Cáit agus Ando; dhá leabhar sa tsraith Bran le hEric Hill, agus 'Oíche mhaith a Bhrain', 'Bran ar Scoil' agus 'Cá dTosaíonn an Spéir' le Philip Elliot.
9 min
30 July 2026
Tús Áite: An Dr. Gearóidín McEvoy
Labhair an Dr. Gearóidín McEvoy, Taighdeoir ar chúrsaí comhionannais i bPorovo san Fhionlainn linn faoin leabhar nua atá aici faoi Rochtain ar an gCóras Dlí agus Cirt do Phobail theanga mionlaigh.
11 min
30 July 2026
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil
Scéalta ó na nuachtáin áitiúil ag Jack Basquille.
4 min
29 July 2026
Tús Áite: Glen Hansard imithe ar shlí na fírinne.
Cailleadh an scríbhneoir ceoil, ceoltóir agus Aisteoir Glenn Hansard i dtimpiste bóthair go luath ar maidin i mBaile Átha Cliath, agus é in aois a 56 bliain, Roinneamar scéalta faoin laoch ceoil le Michael McCormack, Léiritheoir-stiúrthóir le RTÉ agus ceoltóir leis an ngrúpa 'The Mitcheners'.
7 min
29 July 2026
Tús Áite: Spleodar
Is eagraíocht é Spleodar a chuireann cúrsaí Ghaeilge Samhraidh ar siúl i láthair éagsúla i gConamara maraon le clubanna i rith na bliana ar fud na tíre chun an ghrá a chothú don Ghaeilge sna hógánaigh. Labhair muid faoi le Rita Ní Dhomhnalláin, Leas-Stiúrthóir Spleodar i Leitir Mór, agus Aoife Ní Chartún, Cúntóir i Leitir Mór.
8 min
29 July 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Glen Hansard caillte, Tragóid an Chraoisligh, Athrú Aeráide, agus Baol chiorruithe foirne Boston Scientific. Iad sin ar fad á phlé againn le Painéal Nuachta: Gormfhlaith Ní Thuairisg, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus le Maitiú Ó Coimín, Iriseoir le Tuairisc.ie.
23 min
29 July 2026
Tús Áite: 29 Iúil 2026
Michael McCormack (léiritheoir stiúrthóir RTÉ agus ceoltóir le 'The Mitcheners'); Liam Ó Maonlaí (ceoltóir, amhránaí 'Hothouse Flowers') Gormfhlaith Ní Thuairisg (Craoltóir le RTÉ RnaG); Maitiú Ó Coimín (Iriseoir le Tuairisc.ie); Rita Ní Dhomhnalláin (Leas-Stiúrthóir Spleodar i Leitir Mór); Aoife Ní Chartún (Cúntóir i Leitir Mór).
45 min
28 July 2026
Tús Áite: Tumtha: Scéal na gColáistí Ullmhúcháin in Éirinn
Sa bhliain 1926 a tháinig na coláistí ullmhúcháin ar an bhfód. Ceapadh iad chun dul i ngleic le ganntanas múinteoirí a bhí líofa sa Ghaeilge trí neacha léinn inniúla a ullmhú do na coláistí oiliúna oideachais. Phléamar an clár nua seo le Máire Begley agus Seán Ó Ciarba, Iardhaltaí na gColáistí Ullmhúcháín agus cuiditheoirí sa chlár 'Tumtha'.
11 min